Is
Fada Liom Oíche Fhírfhliuch
Aogán
O’Rathaille (c. 1675-1729)
Is
fada liom oíche fhírfhliuch gan suan, gan srann,
gan
ceathra, gan maoin caoire ná buaibh na mbeann;
anfa
ar toinn taoibh liom do bhuair mo cheann,
’s
nár chleachtas im naíon fiogaigh ná ruacain abhann.
Dá
maireadh an rí díonmhar ó bhruach na Leamhan
’s
an ghasra do bhí ag roinn leis lér thrua mo chall
i
gceannas na grcíoch gcaoin gcluthar gcuanach gcam,
go
dealbh i dtír Dhuibhneach níor bhuan mo chlann.
An
Carathach groí fíochmhar lér fuadh an mheang
is
Carathach Laoi i ndaoirse gan fuascladh fann;
Carathach,
rí Chinn Toirc, in uaigh ’s a chlann,
’s
is atuirse trim chroí gan a dtuairisc ann.
Do
shearg mo chroí im chlíteach, do bhuair mo leann,
na
seabhaic nár fríth cinnte, agár dhual an eang
ó
Chaiseal go Toinn Chlíona ’s go Tuamhain thall,
a
mbailte ’s a dtír díthchreachta ag sluaghaibh Gall.
A
thonnsa thíos is airde géim go hard,
meabhair
mo chinnse cloíte ód bhéiceach tá;
cabhair
dá dtíodh arís ar Éirinn bhán,
do
ghlam nach binn do dhingfinn féin id bhráid.
Translated by Thomas
Kinsella
The
drenching night drags on: no sleep or snore,
no
stock, no wealth of sheep, no horned cows.
This
storm on the waves nearby has harrowed my head
—I
who ate no winkles or dogfish in my youth!
If
that guardian King from the bank of Leamhan lived on,
with
all who shared his fate (and would pity my plight)
to
rule that soft, snug region, bayed and harboured,
my
people would not stay poor in Duibhne country.
Great
Carthy, fierce and fine, who loathed deceit;
with
Carthy of the Laoi, in yoke unyielding, faint;
and
Carthy King of Ceann Toirc with his children, buried;
it
is bitterness through my heart they have left no trace.
My
heart has dried in my ribs, my humours soured,
that
those never-niggardly lords, whose holdings ranged
from
Caiseal to Clíona’s Wave and out to Thomond,
are
savaged by alien hordes in land and townland.
You
wave down there, lifting your loudest roar,
the
wits in my head are worsted by your wails.
If
help ever came to lovely Ireland again
I’d
wedge your ugly howling down your throat!